Ag taisteal go hAlbain - a chuimhne ar bhád Dhoire go Glaschú. Turas fada agus garbh a bhíodh ann i rith na hoíche. An chéad uair a bhí Donnchadh ann, bhí scaifte mór as Anagaire ar an bhád fosta. Ní raibh mórán airgid ag daoine (go háirithe ag na hoibrithe óga i ndiaidh daofa an scoil a fhágáil) agus ní raibh a fhios acu cén áit le ghabháil le béile a fháil nuair a shroich siad Albain. Thaispeáin Johnny - fear níos aosta – a bhí 30 bliain d’aois – iad thart ar Glaschú ar an chéad oíche. | 00:04:15 | |